============================================================================================
   Mediocre Leaving Cert Notes   
============================================================================================
 Irish  English  Geography  Business  French  Music 
============================================================================================


Ná Húsáid an Cárta Credimheasa Gan Chead


1. Tharla an eachtra sa tsráidbhaile, is dóigh liom

Bhí déagóirí I gceist agus bhí siad ar an mbóthar

1. Bhí dearthair agus deirfiúr ina suí os comhair an ríomhaire

Bhí siad ar an idirlíon, is cosúil

Chonaic siad go raibh ceolchoirm ar siúl sa staid Aviva i mBaile Átha Cliath

Sa dara cuid den phictiúr, dúirt an buachaill go raibh an banna go hiontach

Bhí a fhios ag an cailín go raibh cárta Dhaid ar an matal

2. Fuair sí an cárta sa dara pictiúr

Chuaigh siad ar an idirlíon arís - céad euro an praghasa bhí ar an dá thicéad

Ag deireadh, cheannaigh siad na ticéidí ach bhí siad neirbhíseach, gan dabht

Bhí áthas an domhain ar an mbeirt acu agus bhí siad ag tnúth go mór leis an lá mór

3. I bpictiúr a trí, tháinig an lá agus bhí an áit dubh le daoine

Bhí oíche iontach acu, ag canadh agus ag damhsa

Ba ceolchorim ar fheabhas í - bhí an banna ceoil ar an ardán

Stáid plodaithe a bhí ann agus bhí an atmaisféar go hiontach

4. Sa Ceathrú pictiúr, tháinig bille an chárta sa phost

Cheap an athair go raibh an bille an-ard

Ansin, chonaic sé an dá thicéid ar an mbille

Níor chréid sé a shúile agus tháinig fearg an domhain air

5. Sa cúigiú pictiúr, labhair an athair le mam, is cosúil

Labhair siad leis na páistí ansin

D’iarr siad orthu an scéal a mhíniú agus tugadh íde béil dóibh

Dúirt an cailín go raibh brón orthu gur úsaid siad an cárta gan chéad

Bhí aiféala ar an mbeirt acu

6. I bpictiúr a sé, chuir na tuismitheorí ag glanadh an tí iad

Rinne an cailín an folúsghlanadh sa seomra suite

Bhí an buachaill ag ní na fuinneoige

Ba léir gur fhoghlaim siad ceacht an lá sin

Fhoghlaim siad ceachtan, gan dabht




============================================================================================
Home | Sitemap | Disclaimer | Contact
All content released under CC BY-NC-SA 4.0
============================================================================================