Bua sa Seó Tallainne
1. Bhí grúpa daltaí ar scoil I bpictiúr a haon
Chonaic ceathrar buachaillí postaer ar an mballa, is cosúil
Léigh siad go mbeadh seó tallainne ar siúl
Nuair a chonaic siad go raibh míle Euro le buachan, bhí an-suim acu
Cheap na buachaillí go raibh an comórtas an-spéisiúil
Dúirt siad go mbainfidís triail as
Bhí siad go léir sa ghrúpa ceoil céanna, dar liom
2.
Thosaigh na buachaillí ag cleachtadh sa dara pictiúr
‘An Criú Craiceáilte’ an t-ainm a bhí ar an ngrúpa
Bhí siad ag obair ó mhí Feabhra go mí Aibreáin
Sheinn na daltaí uirlisí éagsúla
Bhí buachaill amhain ag canadh agus bhí ghiotár, fidil, agus drumaí ann
freisin
3. Tháinig an múinteoir ceoil sa triú pictiúr chun an grúpa a chloisteáil,
is cosúil
Thug sé comhairle dóibh
Cheap sé go raibh a lán oibre déanta acu
Sa dara cuid den phictúir, bhí an seó tallainne ar siúl i halla an Pobail
Bhí scuaine fada ag dul isteach sa halla
Gan dabht, bhí gach duine ag tnúth leis an seó
4.
I bpictiúr a ceathair, bhí an láithreoir ina sheasamh ar an ardán
Mhol sé an ceol an-mhaith
D’iarr sé ar an lucht féachana ansin bualadh bos a thabhairt don ghrúpa
deiridh
Sa dara cuid den phictúir, tháinig na daltaí amach ar an ardán
Bhí an halla plódaithe le daoine agus bhí gach duine ag éisteacht
5. Ag deireadh an chomórtais, tháinig an láithreoir amach ar an ardán arís
Dúirt sé go raibh caighdeán ard sa seó agus thug sé moladh do gach duine
ann
Bhronn an láithreoir seic míle euro orthu ansin
Bhuaigh siad an comórtas, is cosúil
Dar ndóigh, bhí áthas an domhain ar na buachaillí
6.
Sa séú pictiúr, thug na buachaillí cuairt ar an siopa ceoil áitiúil
Dúirt an siopadóir comhghairdeachas leo
Dúirt sé go raibh a lain rudaí ar leathphraghas sa siopa
Bhí díolacháin ar siúl, is cosúil
Áfach, ní raibh buachaill amháin ag iarraidh a hairgead a chaitheamh sa
siopa
Bhí sé ciallmhar, agus sa dara cuid den phictúir shiúil sé isteach sa
bhanc leis an seic