============================================================================================
   Mediocre Leaving Cert Notes   
============================================================================================
 Irish  English  Geography  Business  French  Music 
============================================================================================


Bua sa Seó Tallainne


1. Bhí grúpa daltaí ar scoil I bpictiúr a haon

Chonaic ceathrar buachaillí postaer ar an mballa, is cosúil

Léigh siad go mbeadh seó tallainne ar siúl

Nuair a chonaic siad go raibh míle Euro le buachan, bhí an-suim acu

Cheap na buachaillí go raibh an comórtas an-spéisiúil

Dúirt siad go mbainfidís triail as

Bhí siad go léir sa ghrúpa ceoil céanna, dar liom

2. Thosaigh na buachaillí ag cleachtadh sa dara pictiúr

‘An Criú Craiceáilte’ an t-ainm a bhí ar an ngrúpa

Bhí siad ag obair ó mhí Feabhra go mí Aibreáin

Sheinn na daltaí uirlisí éagsúla

Bhí buachaill amhain ag canadh agus bhí ghiotár, fidil, agus drumaí ann freisin

3. Tháinig an múinteoir ceoil sa triú pictiúr chun an grúpa a chloisteáil, is cosúil

Thug sé comhairle dóibh

Cheap sé go raibh a lán oibre déanta acu

Sa dara cuid den phictúir, bhí an seó tallainne ar siúl i halla an Pobail

Bhí scuaine fada ag dul isteach sa halla

Gan dabht, bhí gach duine ag tnúth leis an seó

4. I bpictiúr a ceathair, bhí an láithreoir ina sheasamh ar an ardán

Mhol sé an ceol an-mhaith

D’iarr sé ar an lucht féachana ansin bualadh bos a thabhairt don ghrúpa deiridh

Sa dara cuid den phictúir, tháinig na daltaí amach ar an ardán

Bhí an halla plódaithe le daoine agus bhí gach duine ag éisteacht

5. Ag deireadh an chomórtais, tháinig an láithreoir amach ar an ardán arís

Dúirt sé go raibh caighdeán ard sa seó agus thug sé moladh do gach duine ann

Bhronn an láithreoir seic míle euro orthu ansin

Bhuaigh siad an comórtas, is cosúil

Dar ndóigh, bhí áthas an domhain ar na buachaillí

6. Sa séú pictiúr, thug na buachaillí cuairt ar an siopa ceoil áitiúil

Dúirt an siopadóir comhghairdeachas leo

Dúirt sé go raibh a lain rudaí ar leathphraghas sa siopa

Bhí díolacháin ar siúl, is cosúil

Áfach, ní raibh buachaill amháin ag iarraidh a hairgead a chaitheamh sa siopa

Bhí sé ciallmhar, agus sa dara cuid den phictúir shiúil sé isteach sa bhanc leis an seic




============================================================================================
Home | Sitemap | Disclaimer | Contact
All content released under CC BY-NC-SA 4.0
============================================================================================