============================================================================================
   Mediocre Leaving Cert Notes   
============================================================================================
 Irish  English  Geography  Business  French  Music 
============================================================================================


Cuairt ar Aintín i Nua Eabhrac


1. Tharla an eachtra sa bhaile, is dóigh liom

Bhí dalta scoile agus a máthair ag féachaint ar an teilifís

Bhí an Crannchur Náisiúnta ar siúl

Bhí an láithreoir ag glaoch amach na n-uimhreacha

Ba iad na huimhreacha ná a dó, a sé, a ceathair déag, a naoi déag, a fiche trí, agus a tríocha sé

D’fhéach mam ar a ticéad agus níor chreid sí a súile

Bhuaigh sí an crannchur

2. An teach in Éirinn agus árasán i Meiriceá a bhí ann i bpictiúr a dó

Rug an cailín ar a fón póca

Sheol sí téacs go dtí a haintín i Nua-Eabhrac

Bhí árasán aici i lár na cathrach

D’inis sí di gur bhuaigh Mam an crannchur

Dúirt sí go raibh ádh mór uirthi

Bhí foirgnimh cháiliúla Nua-Eabhrac le feiceáil go soiléir óna hárasán

3. Bhí comhrá eatarthu i bpictiúir a trí

Phléigh siad an scéal le chéile

Thosaigh siad ag caint faoi cad a dhéanfaidís le hairgeadh

Bhí a maim ag smaoineamh faoi thrócaire, teach nua, nó dul go Meiriceá

Bhí Cuma sceitimíneach ar an mbeirt

4. Turas trasatlantach a bhí ann i bpictiúir a ceathair

Bhí sé ag eitilt thuas os cionn na scamall agus bhí an ghrian ag taitneamh

Bhí an aimsir go hálainn don eitilt seo go Meiriceá

Shroich siad aerfort JFK i Nua-Eabhrac

Bhuail siad le aintín sa chríochfort

Bhí sceitimíní orthu í a fheiceáil

5. Ghluais an eachtra go cathair Nua-Eabhrac sa chúigiú pictiúr

Chuaigh siad go dtí árasán aintín

Bhí radharc iontach ar an gcathair ansin

Bhí ocras an domhain orthu tar éis an turais

D’ith siad béile blasta le chéile

Ina dhiaidh sin, chuaigh siad ar shiúlóid timpeall na cathrach

Thug siad cuairt ar amharclann cháiliúil i mBroadway chun an ceoldráma Mamma Mia a fheiceáil

Cheap an cailín go raibh an chathair dochreidte

6. Thóg siad turas bus oscailte timpeall na Cathrach i bpictiúir a sé

D’éist siad leis an bhfear eolais

Chonaic siad stocmhalartán Nua-Eabhrac agus láthair naoi a haon déag

Chuaigh siad ag siopadóireacht i Macy’s sa dara cuid den phictiúr

Cheannaigh siad neart éadaí faiseanta

Bhí siad ar mhuin na muice




============================================================================================
Home | Sitemap | Disclaimer | Contact
All content released under CC BY-NC-SA 4.0
============================================================================================