============================================================================================
   Mediocre Leaving Cert Notes   
============================================================================================
 Irish  English  Geography  Business  French  Music 
============================================================================================


Imreoir Gortaithe


1. Tharla an eachtra ar an bpáirc imeartha, is dóigh liom

Bhí cluiche iománaíochta ar siúl idir scoil agus Coláiste

Bhí na himreoirí lán le fuinneamh ag rith timpeall na páirce

Bhí uimhir a seacht ar a gheansaí ag imreoir amháin

Bhí camáin ina lámha ag na himreoirí

Bhí slua mór ag féachaint ar an gluiche sa staid

Déarfainn go raibh an lucht féachana ar bís

Ba é seo an scór; Scoil – cúl agus trí phointe, Coláiste – cúl agus aon phointe

2. Thit imreoir ar a talamh

Timpiste a bhí ann agus bhí sé gortaithe go dona

Shéid an réiteoir an fheadóg

Cuireadh stop leis an gcluiche

Rith bainisteoir na foirne amach ar an bpáirc

Chabhraigh imreoirí eile leis, tháinig siad amach le sínteán

3. Lean an eachtra in ospidéal sa triú pictiúr

Tugadh an buachaill gortaithe go dtí an tAonad Timpiste agus Éigeandála

Tugadh isteach é ar thralaí

Bhí an bainisteoir ina theannta

Lá gnóthach a bhí ann gan dabht san ospideál

Othar agus daoine tinn a bhí ann, ag fanacht ar na dochtúirí

Bhí cos ghortaithe ag fear amháin agus lámh ghortaithe ag an bhfear eile

Bhí clog ar an mballa agus bhí sé a trí a chlog

4. An tráthnóna a bhí ann i bpictiúir a ceathair

Bhí an buachaill ag fulaingt i bpian fós sa seomra feithimh

Ní cuma áthasach ar aon duine sa phictiúr seo

Tá sé soiléir go raibh a chos an-phianmhar

Thug an bainisteoir íde béil don altra bocht

Bhí fáisc-chlár ina lámh ag an altra

Bhí siad ag feitheamh dhá uair

Bhí cuma chrosta ar an ngrúpa

5. Ghluais an eachtra go oifig an dochtúra sa chúigiú pictiúr

Bhí an buachaill suite ar chathaoir

Thaispeáin an dochtúir an x-gha dó

Mhínigh sé dó go raibh a chos briste

Dúirt sé go mbeadh air sos fada a thógáil ón sport

Ní raibh Seán sásta leis an nuacht

6. Bhí an buachaill ina shuí sa staid lena chara

Thosaigh sé ag smaoineamh ar na cúig mhí amach roimhe

Ní bheadh sé in ann spórt a imirt

Bhí sé ag smaoineamh faoi cad a dhéanfaidh sé anois

B’fhéidir go dtógfaidh sé suas ficheall

Mar a deir an seanfhocal; ‘beidh lá eile ag an bPaorach’




============================================================================================
Home | Sitemap | Disclaimer | Contact
All content released under CC BY-NC-SA 4.0
============================================================================================