============================================================================================
   Mediocre Leaving Cert Notes   
============================================================================================
 Irish  English  Geography  Business  French  Music 
============================================================================================


Lá ag Cluiche Rugbaí i Stade de France


1. Bhí triúr buachaillí ag ithe lóin i gceaintín na scoile

Bhí siad ag caint faoin gcluiche idirnáisiúnta rugbaí

Beidh an cluiche ar siúl i bPáras Dé Sathairn

Dúirt siad go raibh foireann na hÉireann go maith

Is léir go raibh spéis acu sa rugbaí

2. Cheannaigh na buachaillí ticéidí don chluiche, is cosúil

Chuaigh siad go dtí aerfort Bháile Átha Cliath

Bhí málaí taistil agus ticéidí acu

Fuair siad eitilt go dtí an Fhrainc

Bhí siad i bPáras sa dara cuid den phictúir

Thóg siad turas bus oscailte timpeall na Cathrach

Chonaic siad na radhairc cháiliúla

Tá an Túr Eiffel le feiceáil go soiléir

3. Thug na buachaillí cuairt ar an Arc de Triomphe sa triú pictúir

Bhí siad an-tógtha leis an áit

Chuaigh siad go siopa spóirt sa dara cuid den phictiúir

Bróga peile agus geansaithe rugbaí ar díol ann

Cheannaigh buachaill amhain liathróid rugbaí

4. Bhí an cluiche rugbaí ar siúl i bpictiúir a ceathair

Bhí Éire ag imirt in aghaidh na Fraince agus bhí a i n staid dubh le daoine

Bhí an Fhrainc chun tosaigh ag leath ama

Ba é seo an scór; an Fhrainc – dhá phointe dhéag, Éire – trí phointe

5. Thosaigh an dara leath den chluiche

Thug an réiteóir clibirt, is cosúil

Scaoil imreoir Éireannach an liathróid

Rith sé ar nós na gaoithe go dtí ain line

Fuair sé úd iontach d’Éirinn

6. Fuair imreoir Éireannach preabchúl i bpictiúir a sé

Bhuail imreoir an liathróid agus scóráil sé

Léim an slua Éireannach san aer le háthas

Bhí foireann na hÉireann chun tosaigh

Shéid an réiteoir an fheadóg ansin agus bhuaigh Éire an cluiche

Cluiche an-chorraitheach a bhí ann gan dabht agus bhí áthas ar na buachaillí




============================================================================================
Home | Sitemap | Disclaimer | Contact
All content released under CC BY-NC-SA 4.0
============================================================================================