============================================================================================
   Mediocre Leaving Cert Notes   
============================================================================================
 Irish  English  Geography  Business  French  Music 
============================================================================================


Post Samhraidh


1. Bhí beirt bhuachaillí ag breathnú ar an idirlíon sa chéad pictiúir

Bhí siad ar a laethanta saoire ón scoil

Bhí leadrán orthu agus bhí siad ag smaoineamh ar an am saor

Bhí airgead ag teastáil uathu don choláiste, do saoire agus d’éadaí

Chuardaigh siad ‘postanna samhraidh’ ar Google

2. Chonaic na buachaillí fógra i bpictiúir a dó

Bhí an fógra faoi phostanna in óstán i mBaile Átha Cliath

Bhí an pá go maith agus bhí áthas ar na buachaillí

Bheadh orthu dul as baile agus airgead a chaitheamh ar árasán

Dúirt buachaill amhain go raibh a dheartháir ag obair ansin ach go raibh sé imithe don samhradh

Bhí spás dóibh ansin

3. Fuair na buachaillí post in Óstán Uí Néill mar fhreastalaithe

Labhair an bainisteoir faoi na dualgais agus na huaireanta oibre

Mhínigh sé dóibh go mbeadh orthu éide oibre a chaitheamh

Bhí béasa riachtanac freisin

Bhí siad sásta agus, ar ndóigh, ba mhaith leo tosú láithreach

4. Bhí na buachaillí ag obair sa bhialann sa ceathrú pictiúr

Bhí buachaill amhain ag obair taobh thiar den bhear

Bhí buachaill eile ag freastail ar na custaiméirí

Gloiní agus buidéil a bhí ann

Bhí na custaiméirí galánta agus saibhir, is dóigh liom

Bhíodh an buachaill cáirdiúil agus béasach leis iad

Mhínigh sé go raibh cúpla rogha speisialta ar an mbiachlár

5. Ag deireadh an tsamhraidh, labhair an bainisteoir leis na buachaillí arís

Dúirt sé go raibh post acu ag an Nollaig agus an samhradh seo chugainn

Dúirt sé leo glaoch a chur air

D’fhreagair na buachaillí go raibh an obair spéisiúil agus go raibh siad an-bhuíoch

Bhí an t-ádh leo, is léir

6. Phléigh na buachaillí an scéal faoin obair leis na tuistí i bpictiúir a sé

Dúirt an t-athair agus an mháthair go bhfuil siad bródúil as a bpáistí

Níor chuir na buachaillí a gcuid ama amú

Bheadh airgead acu don Ollscoil




============================================================================================
Home | Sitemap | Disclaimer | Contact
All content released under CC BY-NC-SA 4.0
============================================================================================